Scoil: Más an Easa (C.) (uimhir rolla 14776)

Suíomh:
Más an Easa, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Máire Ní Cholchuin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1075, Leathanach 212

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1075, Leathanach 212

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Más an Easa (C.)
  2. XML Leathanach 212
  3. XML “Cú Chulainn”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Bhí bachlach 'sa tír seo a dtug siad na Fianna ortha, agus bhí fear aca a dtug siad Cuchulainn air.
    Bhí sé fhéin agus diulach mór eile a bhí ann i gcomhnuidhe ag aighneas le chéile ciaca gheobhadh maighstreas Sméara na gCrann nuair a gheobhadh an ceannphort bás.
    Dubhairt Cúchulainn leis lá amháin nach rabh rud ar bith a b'fhearr dobhtha na dul chuig an cheannphort agus fiadruigh do ciaaca dtabharfadh sé do é. Chuaidh agus d'innis sé dóbhtha go dtabharfadh sé do'n duine fiughantach agus sé an dóigh a réachfar sibh.
    "Tá peist ins an loch sin thíos, gabh fear agaibh síos anocht agus throidfeadh sé léithí agus an fear eile ins an oidhche i mbárach agus sé é féin a bhí le bheith ann 'na phéist acht chá rabh a fhios aca sin.
    Chuaidh an fear mór síos an chéad oidhche agus d'fhan sé ar chladach an locha go bhfaca sé an péist ag nochtadh, agus i n-áit a dul síós an cladaigh sé an rud a d'fholaigh sé gur ghlan an lá. D'imthigh sé annsin agus shaluigh sé é féin ins an uisge agus ins an t-salachar le taisbeaint do'n cheannphort go
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0300: The Dragon‑Slayer
    AT0302: The Ogre's (Devil's) Heart in the Egg
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Séamus Ua Fearadhaigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    68
    Gairm bheatha
    Oibrí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    An Craoslach, Co. Dhún na nGall