Scoil: Ceathramhadh Ceanainn (C.) (uimhir rolla 10842)
- Suíomh:
- An Cheathrú Cheanainn, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Róisín, Bean Mhic Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Bhí cuid mhór daoine cuirthe amach as a gcuid toighte i bhfad ó shoin. Bhí Bríghidh Ní Fhíoruisge cuirthe amach as a teach agus ní rabh sí sásta dhul amach agus tháinig dhá Saothmhaoir fear lé í a chuir amas.”
Bhí cuid mhór daoine cuirthe amach as a gcuid toighte i bhfad ó shoin. Bhí Bríghidh Ní Fhíoruisge cuirthe amach as a teach agus ní rabh sí sásta dhul amach agus tháinig dhá Saothmaoir fear lé í a chuir amas.
Saothmaoir an t-ainm a bhí ar na garda i bhfad ó shoin.
Ní rachaidh Bríghid amach agus dubhairt sí leó nach rabh teach ar bith aice le dul isteach ann agus ní rabh na paistí acht óg. Dubhairt siad léithe go gcaithfeadh sí a dul amach agus fuair siad greim uirthe agus caith siadh amach ar an tráid í fhéin agus na paistí. Sul a deachaidh sí amach bhí maide briste in a luig ar an urlár agus fuair sí greim air agus bhuail sí na fir leis. Tháinig saothmaoir eile isteach agus bhí ostan mór in a láimh aige agus dubhairt sé léithe "Éirigh ó'n stól agus go amach ar an doras go gasta na marbhóchaidh mé thú." Annsin d'eirigh sí agus chuaidh sí amach thoisigh na fir ag lughadh an toighe le an ostan mór a bhí i na láimh aige. Tá giota do'n teach ins an pháirc(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Maighreadh Mhaoilciaraoin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Fál Carrach, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Bríghidh Ní Fíoruisge
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 90
- Seoladh
- Caoldroim Íochtarach, Co. Dhún na nGall