School: Ceathramhadh Ceanainn (C.) (roll number 10842)
- Location:
- An Cheathrú Cheanainn, Co. Dhún na nGall
- Teacher: Róisín, Bean Mhic Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Díol agus Ceannach
Ní rabh siopaí go flúirseach sa cheanntar seo san t-sean aimsir.
Ceannuigheadh na daoine na rudaí a bíodh ag teastáil ortha ins na cupla siopaí a bhí san áit agus corr uair rachadh na daoine go Leitir-Ceanann agus go Doire fá na choinne.
Bíodh earraidhe á ndíol tar éis Aifrinn i n-aice an t-séipéil san áit seo i dtolamh.
Ní bhíodh airgead flúirseach san t-sean-aimsir
Ní h-é a bhíodh ag deanamh a úsáid ar chor ar bith.
Malartuighdís earraidhe ar earraidhe eile san t-sean aimsir acht ní malartuighdís earraidhe ar bith anois.
Bhéarfadh na daoine stócaí agus rudaí déanta de bainín leo go dtí an t-siopa agus gheobhadh siad cé bith earraidhe a bhiodh a dhith ortha ar na rudaí sin.
Bhíodh mí-ádh ar cuid de na daoine ar chursaí gnótha do cuirfí chun chinn laiteannta áirithe.
Deireann na daoine gur Dia Aoine lá amháin de na laitheannta a bhíodh mí-ádh ort agus an Domhnach lá eile.(continues on next page)- Collector
- Bríghid Ní Chuireáin
- Gender
- Female
- Address
- An Fál Carrach, Co. Dhún na nGall