Scoil: Ceathramhadh Ceanainn (C.) (uimhir rolla 10842)
- Suíomh:
- An Cheathrú Cheanainn, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Róisín, Bean Mhic Suibhne

Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1073, Leathanach 334
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí manistir ag Naomh Colmcille istoigh i n-oileán Toraigh agus ní rabh cros ar bith aige fá na choinne. Lá amháin tháinigh sé fhéin agus a chuid manaigh amach as Toraigh agus chuaidh siad suas go taobh Mucaise agus bhí cloich mhór annsin agus gheárr siad cros mhór aistí. Caith siad seachtmhain ag gearradh amach an cros. Nuair a bhí an cros gearrtha aca bhí sí ionntach mór agus chá rabh fhios aca go dté an doígh a dtabharfadh siad an cros anuas agus fuar siad ocht chrann mhór agus chuir siad an cros na luighe ortha. Nuair a tháinig siad anuas fhad le Raiththe thoisig sé a chur agus chuaidh siad isteach ag naomh Fionan. Rinne Naomh Fionan dinnéar mór réidh dóbhtha. Nuair a bhí a dhinneár ithte ag Naomh Colmcille smaointig sé gur fhág sé a phortas thúas ag taobh Mucais. Dubhairt manach do chuid Naomh Fionan go rachadh sé suas fá na choinne. Chuaidh sé suas agus chonnaic sé éan mór na luighe ar an portas ag congháil an fearthainn uaidh. Tháinig an manach anuas agus thug sé an portas do Naomh Colmcille agus bhí Naomh Colmcille go sásta sin leis gur dubhairt sé leis go dtabharfadh sé rud ar bith do a d'iarradh sé agus chá rabh fhios ag an manach caidé an rud(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Caitlín Ní Cumhaill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Droim na Tine, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- R. Ní Dhochartaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Fál Carrach, Co. Dhún na nGall