Scoil: Ceathramhadh Ceanainn (C.) (uimhir rolla 10842)
- Suíomh:
- An Cheathrú Cheanainn, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Róisín, Bean Mhic Suibhne

Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1073, Leathanach 314
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sean Fhocail
Éist le fuaim na h-abhna agus gheobhaidh tú breac.
Ní fuide gob an gé na gob an gandail.
Is feárr greim amhaín do choinín no dhá greim do chat
Cuir culaith shíoda ar ghabhar agus is gabhar i gcomhnuidhe é.
Gheobhaidh an capall bás fhad agus tá an feár ag fás
Beirt ag troid agus iad ar aon sgéal
Ní hé lá na gaoithe lá na sgolb
An té na gcuireann san Earrach ní bhainfidh sé san Fhóghmhar
Is trom an t-ualach an leisge
Do réir a chéile déantar na caisleáin
Nuair a bhíos an cat amuigh bíonn na lucha ag rinnce.
Briseann an dúthchas trí siúlibh an chait
An iomad lámh a dhéanas an obair éadtrom
Bíonn adharca fada ar na buaibh thar lear
Is glas iad na cnuic i bhfad uainn.
Tosach sláinte codladh direadh sláinte osna
An rud is annamh is iongantach
Bíodh rud agat fhéin nó bí gan é.
Bíonn blas ar an mbeagán.
Is minic a bhain duine slat a bhuail é féin
is maith liom tae acht ní maith domh é
Nuair a bhéas an fíon istoigh bíonn an ciall amuigh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Cáit Ní Chumhaill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Droim na Tine, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Nóra Ní Chumhaill
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 35
- Seoladh
- Droim na Tine, Co. Dhún na nGall