Scoil: Baile na Bó (uimhir rolla 2260)

Suíomh:
Baile na Bó, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Ailbhe Ó Conáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1073, Leathanach 242

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1073, Leathanach 242

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile na Bó
  2. XML Leathanach 242
  3. XML “Teampall Ráithe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Istigh ins an roilig ach taobh amuigh de'n teampall tá Cros Cholmcille. Cros mhór atá inntí seo. Tá sé corradh le fiche h-aon troighthe ar fad agus tá sé seacht d-troighthe ar leithead ins na guailneachaibh. Níl ann ach aon phíosa amháin. Tá an chros sínte ar an talamh anois le fada an lá: corr-dhuine ag rádh gur thuit sé 150 bliadhna ó shoin, agus dream eile ag deanamh amach go bhfuil sí anuas le 200 bliadhain. Ach níor milleadh go mór é. Tá scoilteadh ins na guailneachaibh agus ceann eile ins an chois. Deirtear, do réir na ndaoine, gur gearradh an chros seo amach as an charraig ar thaoibh na Mucaise ins an áit a bheirtear Mádham Chros, comhgarach ag na Brocachaighe, agus go rabh Colmcille é féin i láthair an uair a baineadh agus a gearradh an chros. Bhí sé ar intinn Cholmcille an chros a thabhairt leis isteach go Toraigh, le h-aghaidh an Mhainistrigha thóg sé annsin. Táan t-iomrádh gur aingle a d'iomchur an Chros seo an chéad ocht míle. Ach tá an sgéul seo neamh-chreidte ag a lán daoine indiu. Ar sgor ar bith ghlacfadh sécuid mhór fear indiú an chros chéadna a bhogadh ón ait a bhfuil sé ann.
    Na daoine a thainic anuas ó'n Mhádham Chros -
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Ailbhe Ó Conáin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    48
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Faisnéiseoir
    Ándras Ó hEarcáin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    58
    Seoladh
    Ráith, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Sean Mac Aoidh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    86
    Seoladh
    An Baile Úr, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Séumas Mac Aoidh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    74
    Seoladh
    An Cheathrú Cheanainn, Co. Dhún na nGall