Scoil: An Sraith Mhór (uimhir rolla 15208)

Suíomh:
An Srath Mór, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Brighid Ní Ghaodhchain
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1073, Leathanach 9

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1073, Leathanach 9

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Sraith Mhór
  2. XML Leathanach 9
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal (ar lean)

    Gasúr abhí ag dul na scoile agus fuair sé pionna in a luighe ar an bhealach mhór agus thug sé leis in a láimh é.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    Thug sé an bhó leis na bhaile. B'eigean dó an bhó a bhuachailleacht annsin achán lá. Lá amháin bhí sé iongantach fliuch b'éigean do cóta mór a thabhairt leis. Nuair abhí sé ag dul isteach chuig a dhinnéir d'fhág sé an cóta mór in a shuidhe ar mhullaigh carraig 'san gháraidhe D'iarr se ar an cóta mór an bó a choimhead. D'iarr sé ar an charraig an cóta mór a choimhead. Nuair a chuaidh sé amach ní rabh an cóta mór le fághail ar cor-ar-bith Bhí sé itthe ag an bhó. Shaoil sé gur fholuigh an charraig an cóta mór air. Thionntuigh sé siar an charraig agus bhí poll mór faoin charraig agus é lán óir. Thug said leobhtha an t-ór 'na bhaile agus d'foghluigh said é. Nuair a fuair an-mháthair an gasúr amuigh d'fhoghluigh sise i n-áit eile é, bhí seisean ag buachaillleacht cois an bhealaigh mhóir lá amháin. Táinic an gharda agus d'innis seisean dó fhéin fán tór a fuair siad. Chuaidh seisean suas go bhfeicfeadh sé an bhfuigheadh sé é. Bhí sé foluighthe ag an mháthair i n-áit úr. An lá seo indiaidh an t-airgead d'fhághail fuair sé canna uisge galluighthe agus chuaidh sé suas ar mhullach an t-simléir agus chaith sé anuas é ar léara an ghasúir. An lá seo nuair a tháinic an gárda thosuigh an gasúr ag innse dó ca h-áit a d'foluigheadh an t-ór agus dubhairt an mháthair nach rabh a dháth de ar chor-ar-bith, nach bhfuair siad ór ar bith. Dubhairt an gasúr léithe nach bhfuil cuimhne agat ar an lá a sgail tusa mo chuid leár'sa leis an uisge galuighthe anuas an t-simléir. Rinne an gárda amach nach rabh an gasúr i gceart agus nach rabh dé sgéal an airgid ar cor-ar-bith Rinne sé amach go suidhfeadh sé an oidhche sin go bhfeiceadh sé. Thuit an gárda in a chodhladh cois na teineadh agus mharbhuigh an mháthair agus an gasúr é. Chuir siad é maidin lá-na-bhárach 'sa gháraidhe. Nuair a d'imthigh an gasúr na sgoile d'áthruigh an mháthair é agus chuir sí i n-áit úr é. Marbh sí gabhar agus chuir sí 'san áit a rabh an gárda ciortha. Tháinig
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1600: The Fool as Murderer
    AT1696: “What Should I have Said (Done)?”
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán Mac Aoidh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Gleann Domhain Beag, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Anna Bean Aoidh Mhic Giolla Chearra
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Gleann Domhain Beag, Co. Dhún na nGall