Scoil: An Sraith Mhór (uimhir rolla 15208)

Suíomh:
An Srath Mór, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Brighid Ní Ghaodhchain
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1073, Leathanach 7

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1073, Leathanach 7

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Sraith Mhór
  2. XML Leathanach 7
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal (ar lean)

    Bhí bean ann i n-am amháin agus nuair abhí sí ag fhághail bháis d'fhá sí an dá plháincéad ag fear le na congbhuilt té.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    leat dhá leath a dhéanamh dó'n chaorach. D'imthigh an sagart ag racaidh shíl sé gurab é taidhbhse abhí ann. Bhí an beirt fear 'na diaidh Bhí an fear ag dhul thart an bhealaigh móir. Chonnaic seisean an duine ag teacht agus an phlaincéad air. Shíl sé gurab é taidhbhse an mná a chuireadh abhí ann agus d'imthigh sé bhaile. Bhí an mháthair in a luighe agus thosuigh sé ag innse díthe go bhfacaidh sé taidhbhse na mná. agus dubhairt sise leis cad chuige nar seasuigh tú go bhfeicfea caidé abhí ag cur buaidhreadh uirthí, bhféidir go rabh sí ag bráth an plaincéad a thabhairt duit. D'imthigh an bheirt acú arais chun castáil uirthí go bhfeicfeadh siad ca rabh sí ag dul. Nuair a chuaidh siad píosa chonnaic siad an rud bhán agus d'aithinn siad gurab í abhí ann. Nuair a chuaidh siad fa ghiota díthe mhothuigh siad an tormon agus shíl siad gur casadh duine inteacht uirthí abhí a marbhadh. Bhí na fir ag deánamh dha léith dó'n caorach annsin. Chonnaic siad an mhuinntir seo ag teacht agus d'imthigh siad ag rachaidh agus fuair siad ar shiubhal ortha. Maidín lá na bhárach d'imthigh an fear go bhfeicfeadh sé an rabh fuil nó a dháth le feiceal 'san áit. Chonnaic sé an fuil a thuit ó'n caorach agus bhí cinnte gurab í an fuil a bhain siad amach as an mhnaoí agus nach rabh sí marbh ar chor-ar-bith nuair a cuireadh í. D'imthigh siad annsin agus thóg siad aráis í agus bhí faire eile acú uirthí.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán Mac Aoidh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Gleann Domhain Beag, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Anna Bean Aodh Mhic Giolla Chearra
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Gleann Domhain Beag, Co. Dhún na nGall