Scoil: An Sraith Mhór (uimhir rolla 15208)
- Suíomh:
- An Srath Mór, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Brighid Ní Ghaodhchain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Sraith Mhór
- XML Leathanach 66
- XML “Cluiche”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)amháin amuigh. Baineann an duine sin an cluiche.2. Thart an bhróg.
Fir a imrigheas an cluiche seo.
Suidheann achán duine thart i bhfáinne a a gcosaí amuigh acú. Cuireann siad bróg thart faoi na másaí acú ó dhuine go duine. Cé bith duine a gheobhtar an bróg aige caithfidh seisean dul amach agus é do chuartú.3. Folaigh an golaigh
Téidheann duine thart ó dhuine go duine agus "golaigh" leis ( cnaipe no rud beag ar bith eile) Déireann sé agus é ag cur a lámha isteach i lámhaibh an duine eile
"Folaigh tusa an golaigh seo go maith maith maith"
Téidheann sé thart ortha uilig agus bheireann sé an "golaigh" do dhuine inteacht. Annsin cuireann sé ceist ar ghach duine ar a seal tomhas cé aige abhí an "golaigh". Cé bith duine a thomhasann i gceart é bíonn an "golaigh" aige. Téidheann(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Sean Mac Aoidh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 14
- Seoladh
- Gleann Domhain Beag, Co. Dhún na nGall