Scoil: An Sraith Mhór (uimhir rolla 15208)

Suíomh:
An Srath Mór, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Brighid Ní Ghaodhchain
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1073, Leathanach 20

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1073, Leathanach 20

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Sraith Mhór
  2. XML Leathanach 20
  3. XML “Scéal”
  4. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal (ar lean)

    Bhí gasúr ann aon uair darbh ainn Séimín. Ní rabh morán foghluim aige agus nuair a bhí sé fá thuairim cúigh bliadhna déag, d'fhastaigh sé le feirmeóir i gConndae Thír Eógháin fa choinne teachtaireacht agus buachailleacht eallaigh.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    Dubhairt na buachaillí na rabh salann ar bith istigh fachoinne an eallaigh. Sgairt an fheirmeóir ar Shéimín agus dubhairt sé leis dul fachoinne salann. Chuaidh Séimín go dtí an siopa agus nuair a tháinig sé arais dubhairt se “d’ith mé mo sháith d’en ghamh” “agus d’ith mé mo sháith de’n muc acht ní chuideochaidh mé an t-sean-bhean a ithe da gcuirthea an mhéidh salainn atá ó seo go Corcaigh uirthi.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Scéal

    Bhí Naomh Brighid na cailín aimsire i dteach. Bhí sí iongantach cinealta dos na daoine bochta.

    Bhí Naomh Brighidh na cailín aimsire idteach. Bhí sí iongantac cineálta dos na daoine bochta. Ba ghnáthach léithe a chuid bídh féin a thabhairt do chlann bhocht a bhí na comhnuidhe béal-dorais léithi. D'innis an cailín eile do a maighistreas uirthi. Bhí a maighistreas a coimhéad lá amháin. Bhí Naomh Brighidh ag dul amach agus lán a aprún léithe. Chonaic a maighistreas í. D'fiafraigh sí d'ite cáidhe a bhí san aprún aici. Dubhairt Naomh Brighidh léithi "A Mhaighdean Muire sabhail mé ó náire". D'fósgail sí amach an aprún agus bhí sé lan luatrigh. Sin an fáth go ndeintear crosanna i n-onóir Naomh Bríghid, Oidhche Féil Brighdhe.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.