School: Cnoc Sacsan (roll number 16024)

Location:
Cnoc Sacsan, Co. Mhaigh Eo
Teacher:
P. Ó Faoláin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0123, Page 316

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0123, Page 316

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cnoc Sacsan
  2. XML Page 316
  3. XML “Ainmhithe Fiáine a bhFuil Cónaí orthu i Loch”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá loch in aice le mo áit chónaidhthe. Loch na Ceathramhan Móire a thugtar air. Loch an-bheag é amach is amach mar níl d’achar ann ach cúig is fiche acra béidir.
    Sa Samhradh bíonn buachaillí óga an cheanntair thart timcheall ag folcadh is a snámh ann ach mar sin féin ní maith le duine ar bith dul isteach ann agus é in a aonar. Adeir na sean daoine gur iomda rud aisteach a chonnachthas ann.
    Tá sé i gceist san áit go bhfuil capall bán in a chomhnaidhe thíos fá’n loch is go dtagann sé suas go barr a locha anois is arís is é gleasta go deas le srian soillseach diallaid a bhfuil dath an óir air, ar a dhruim is cruidhthe airgid faoi.
    Comhartha ádha é do dhuine ar bith an capall a fheiceáil is bhí sé ráidhte i measc na seandaoine go mbeadh na cruaca óir le fáil ag an té a bearfadh greim air.
    Seo scéal beag eile faoi.
    Bhí fear ag dul abhaile ar thaobh an locha oidhche amháin is chonnaic sé chuige an capall ar bhárr an uisce. Chrom mo dhuine síos ar fhaitchios go bhfeicfí é is ghléas sé é
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
        1. eacha uisce (~138)
    Language
    Irish
    Collector
    Proinnsias Ó Murchadha
    Gender
    Male
    Informant
    Tadhg Ó Murchadha
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Age
    71