Scoil: Mín na Croise

Suíomh:
Mín na Croise, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Máire C. Ní Choileáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1046, Leathanach 256

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1046, Leathanach 256

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín na Croise
  2. XML Leathanach 256
  3. XML “Paidreacha”
  4. XML “Paidreacha”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Crios Mhuire mo Chrios
    Crios na gCeithre gCros
    Crios in-a rughadh Iosa
    (Os cionn a thumba)
    “Éirigh a mháthar a’s gabh fhad leis an bhean atá ingéibhinn báis”
    “Éirigh fhein a mhic as Tú is feárr baist an leanbh as fág an bhean slán.
    Tá sé sgriobhtha as Tumba Mhuire anois.
    Nach bhfuil aon duine a déarfas an paidir seo
    Trí h-uaire ach uile lá.
    Nach bhfeicidh an Mhaidhgean Mhuire
    Trí h-uaire roimhe a bhás.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. paidreacha (~3,266)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Máire Ní Bhaoighill
    Inscne
    Baineann
  2. A Iosa mhilis a’s a Iosa ceannsa
    Go lionaidh tú ar gcroidhe-sa lan de annsacht
    A Iosa Críost na h-Óige uaisle
    Cuidigh linn anois is i n-am ar gcruadh-cás
    Gach uile fháilte rómhat a Naomh Muire, a mhathair Dé, a Rioghain Flaithis, a Gheaftaí Phárthais, a Bhan-tíghearna an Dómhain, a bhfuil dóigh ort fíor glan. A bhean beannuighthe rugadh tú gan peacadh na sinnsear. D’iomchur tú ar Slánnighthear Iosa Críost ann do bhroin beannuighthe gan sol, gan spot go geanmhnaidhe roimhe iomchur, dhá iomchur indhiaidh iomchur.
    Och, chum Iosa deán eadarguidh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.