Scoil: Mín na Croise
- Suíomh:
- Mín na Croise, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Máire C. Ní Choileáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí baintreabhach fad ó shoin agus fuair a fear bás. Bhí mac amháin aici agus ní rabh riocht ar bith ann, agus sé an cheird a chur sí roimhe táilliúracht. D’foghluim sé an cheird go h-an mhaith. Bhí go maith ‘s ní rabh go olc. Bhuail sé leis an ól. Maidin amháin thug a máthair an scamhlail do. Thug sé leis an clár, an siosúir, agus an miosúr, agus culaidh amháin a bhí istoigh aige.
Lá te samhraidh a bhí ann. D’imthigh sé leis, agus shuidh sé sios ag bun crann ag deánadh an chulaidh. Tháinig pláigh mór cneamhair agus chaith sé an siosúr ortuú agus marbh sé naoi gcead aca. “John Lowe” an t-ainm a bhí ag na daoiní air. Arsa seisean leis fein ní’l aon fear a rinne sin nach ndeánfadh gairceamhlacht agus sgríobh sé síos ar bhun an chrainn é :- “John Lowe killed nine hundred’ with one blow”
Siubhal sé leis go dtí go dtáinig sé fhad le droichead. Bhí beirt fathach annsin ag deánamh droichid. Léim sé suas i gcrann mhór agus bhí a phócaí lán cloch beag. Thoisigh sé a caitheadh smeideogaí síos ar fhear aca, agus shil an fathach gurabé a dheárbhrathar(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádruig Mac g Congail
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50
- Seoladh
- Mín an Draighin, Co. Dhún na nGall