Scoil: Mín na Croise
- Suíomh:
- Mín na Croise, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Máire C. Ní Choileáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín na Croise
- XML Leathanach 172
- XML “Partharlan Mór”
- XML “Fothair Eamoinn Óig (Ainm Áite)”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an baile amach. Ón lá sin amhach ní dheachaidh sé go traigh na gcorr san oidhche.
- Bhí stócach ann fad o shoin darbh ainm do Eamonn Óg. Bhíodh sé i gcómhnuidhe sa’ chnoc leis féin. Lá bréagh samhraidh amháin, chuaidh sé ‘na chnuic, agus chuaidh sé amach ‘na fairrge. Shuidh sé síos agus thuit sé ‘na codhladh.
Bhí sé ‘n-a chodhladh annsin agus tháinig bean fhad leis agus mhusgal sí é. D’iarr sí air ghabhail abhaile agus d’éirigh sé ‘na seasamh agus d’amharc sé thart. Bhí sgaifte mór sidheoga ag teacht anios an ált, ag tárraing air. Chuaidh an bhean síos fhad leobhtha agus dubhairt sí, “Pilligidh, Pilligidh, tá sé seo faoi mo chomairce”.
Phill siad agus bhain Éamonn Óg an baile amach comh tiugh agus thiocfaidh leis. Baisteadh Fóchar Eámoinn Óig ar an áit sin o shoin.- Faisnéiseoir
- Brian Ó hEigheartaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 76
- Seoladh
- Teileann, Co. Dhún na nGall