Scoil: Mín na Croise
- Suíomh:
- Mín na Croise, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Máire C. Ní Choileáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín na Croise
- XML Leathanach 114
- XML “An Bás”
- XML “Bráthair Ó Concubhar”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Sagart Mór na Braille, an Gearrfiadh Donn, Coinín i bPoll, an Madra Gaedhealach agus an Láir Bhain gur casadh deán orthú, agus ní thiocfadh leobhtha [ghabha]? Trasna. “Gabhadh sibh uilig suas ar mo dhruim arsa’n Láir Bhan agus fágfaidh mé slán thall sibh. Maith go leór arsa siadsan agus Chuaidh an t-iomlan dearg suas ar dhruim an lair bháin. Siubhal sí leíthe go faithcheallach go rabh sí leath bealaigh trasna’n deán, thóg sí a ruball annsin agus bháidh an t-iomlan aca agus rith leíthe abhaile ag gaíridhe.
- Bhí buachaill ann tá ibfad ó choin agus bhíodh sé amuigh go h-antrathach ‘san oidhche ag imirt cárdaí. Bhí sé ag teacht abhaile an oidhche seo go mall agus casadh bean air agus chuir sí forán air agus d’fiafruigh dó an imreochadh sé cluichthe. Dubhairt sé go ndeánfadh agus thug sé amach na cárdaí agus d’imir siad agus bhain sise’n cluichthe.
“Anois” arsa sise. “Caithfidh tú d’ainm a sgríobhadh le do chuid fola fhéin agus an sgríbhinn a thabhairt damhsa” Rinne sé seo agus nuair a fuair sí an sgríobhinn, chuir sí isteach n-a beul é agus shlug sí é. Chuaidh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Máire Ní Choileáin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 34
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Gleann Cholm Cille, Co. Dhún na nGall