Scoil: Cnoc na Naomh

Suíomh:
Cnoc na Naomh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig Mac Cnáimhsighe
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1071, Leathanach 083

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1071, Leathanach 083

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cnoc na Naomh
  2. XML Leathanach 083
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal

    Bhí fear ann am amháin agus bhí sé ar shiubhal leis ag bun na gcnoc agus casadh bean air agus bhí stocach beag léithi.

    Bhí fear ann am amhain agus bhí sé ar shiubhal leis ag bun na gcnoc agus casadh bean air agus bhí stocach beag léithe.
    D'iarr an bhean ar an fhear an stocach a congbhall díthe go dtí go dtiocfadh sise amach as an t-siopa. Dubhairt an fear go goingbheochadh agus d'imthigh an bhean léithe isteach sa t-siopa agus d'imthigh an fear agus an stocach isteach i dteach éile agus thosuigh an stocach a imirt leis an chat. Thug bean an toighe píosa aráin dó agus chuir sí ceist ar an fhear cén aois a bhí sé. Dubhairt an fear go rabh sé seacht mbliadhna d'aois agus dubhairt an bheango rabh se breagh mór do'n aois.Thosuigh an fear agus an bhean a chainnt annsin nuair a b'fada leis an fhear bhí mathair an stocaigh gan a bheith ag teacht amach as an t-siopa dubhairt sé go rabh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Séamus Mac Eachmharcaigh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Glaise Chú, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Tomás Mac Eachmharcaigh
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    62
    Seoladh
    Glaise Chú, Co. Dhún na nGall