Scoil: Cnoc na Naomh
- Suíomh:
- Cnoc na Naomh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Mac Cnáimhsighe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cnoc na Naomh
- XML Leathanach 064
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal
“Fad ó shoin bhí sean-bhean agus gasúr na gcomhnuidhe i gcró beag tighe. Ní rabh aca acht dosaon cearca.”
Fad ó shion bhí sean bhean agus gasúr na gcomhnuidhe i gcró beag tighe. Ní rabh aca air dosaon cearca. Da ghnáchach leis an t-sean-bhean a bheir ag déanamh sguaba fraoich agus díolfadh sí iad ar an aona nó sin a rabh de slighe beacha aca. Da gháchach leis an ghasúr gabháil suas na chnuic gach lá fá choinne mála caoifrean. Ní rabh aca acht bó amháin agus ba gháchach léithi a bheith thuas ar an t-sléibh gach lá. Chuaidh an gasúr suas an oidhche seo fá choinne na bó. Nuair a bhí sé ag tarraing suas chonnaic sé sgaifte de na daoine beaga ag imirt. Dhual fear aca an liathríod isteach san t-súl ar Sheaumas agus ní rabh sé abálta rud ar bith a fheiceáil. Chuimil sé a shúl go cruaidh agus i gcionn tamaill bheag bhí sé abálta gach rud a fheiceál.(leanann ar an chéad leathanach eile)