Scoil: Cnoc na Naomh

Suíomh:
Cnoc na Naomh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig Mac Cnáimhsighe
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1071, Leathanach 054

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1071, Leathanach 054

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cnoc na Naomh
  2. XML Leathanach 054
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal (ar lean)

    Bhí bean ann am amháin agus bhí mac amháin aici darbh ainm Paidí. Ba ghnáthach leis an mháthair a bheith ar shiubhal ag díol bainín.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    casadh cloch air agus go rabh sí go fuar agus nach rabh sí abálta labhairt agus gur cas sé an bainín thart uirthi. "Amáidán mhór" arsa an mathair, imthigh agus fáigh an bainín arís." "D'imthigh Paidí acht ní rabh bainín ar bith le fágháil ar an chloich. Thionntuigh sé an chloch de mheid agus bí corruigh air, agus caidé a bhí faoi an chloich acht pota mór óir. "Ar de bhfaca tú a riamh," arsa an mhathair, cé bith áit a racaidh tú anocht na innis dó dhuine ar bith fa'n pota óir. "Ní innseochaidh," arsa Paidí. Bhí Paidi na shuidhe ag comhradh i dtigh na comharsan an oidhche sin. D'innis sé go bhfuair sé pota óir an lá sin agus go rabh sé i bhfolach istigh sa chórtha dhubh ag a mhathair. An oidhche sin nuair a bhí an teach fá suaimhneas mhothuigh siad an trup fán chórtha. D'éirigh Paidí agus a mhathair agus
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1600: The Fool as Murderer
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Pádraig Ó Earlaigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    79
    Seoladh
    An Ardaidh Bheag, Co. Dhún na nGall