Scoil: Machaire Rabhartaigh

Suíomh:
Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Seán Ó Gallchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1070, Leathanach 219

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1070, Leathanach 219

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Machaire Rabhartaigh
  2. XML Leathanach 219
  3. XML “Stoirmeacha Móra”
  4. XML “Stoirm Mhór”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    an talamh. Bhí fear amuigh ag cruinniú a chuid féir nuair a bhuail splannc é sa chois, agus ní dhearna sé lá maith go ndeachaidh sé san uaigh. Bhí cailín beag ag dul chun an t-siopa leis an tóirneach thoisigh an fhearrthainn acht sa deireadh siabadh amach chun na h-abhna í agus ní fhacthas ní ba mhó í. Bhí teach ceann-tuigheadh ar thaoibh cnuic agus stealladh an taobh amach as; b'éigean daobhtha a ghabhail go toigh na comharsan agus codladh go maidín ann. Bhí saighneáin ins an áird thoir-thuaidh seachtmhain roimh theacht na stoirme.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Cailleadh beirt fhear as Bun an Inbhir leis an stoirm. Is dócha go rabh siad amuigh ag ceangal a gcuid cruach agus thóg an ghaoth léithe suas iad amach chun na fairrge móire, agus bhí toighthe a chaill a gceann fosta. Leagadh crainn annseo agus annsiúd fríd an cheanntar. Leagadh crann ar bhean arbh ainm díthe Eibhlín Mhór do bhí na comhnuidhe thuas i gCnoc an Léithid, agus ar maidín an lae sin fuaireas marbh í ag bun crainn. Siabadh an cochán amach chun na fairrge móire agus tháinig cuid de isteach ar an chladach i n-Oileán Toraighe agus é na luighe ar an mharc. Cailleadh fuireann as na h-Oileáin Thiar fosta giota beag ar an taobh thiar de Bhun an Inbhir. Chuaidh siad amach ar maidín an lae sin a thógáil potaí gliomach agus bhí an mhaidín do bhí ann fiadhanta ag bád ar bith le bheith ar bhárr na fairrge. Níor mhaith leis na créatúir a gcuid eangach agus a gcuid potaí gliomach a bheith ar shiubhal leis an
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.