Scoil: Gort an Choirce

Suíomh:
Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Séamus Mac Giolla Easboic
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1070, Leathanach 92

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1070, Leathanach 92

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gort an Choirce
  2. XML Leathanach 92
  3. XML “Amhrán - Seaghán na Mine”
  4. XML “Giota de Amhrán Eile”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    'S ná'r bhfiú leat ná tráinín, nó deor ó ó do shuilibh,
    Cáin na mine-cháirde 'cur ortha go trom.
    Tá'n Scraiptear do rádh leat, nach féidir do'n cháirde,
    Nó tuitfidh a bláth dí mar duilleabhar na gcrann.
    'S mó theidheann tú go Párthus, ní bhfuighidh tú an Fásas,
    Ma tchídhtear do mhala beag leat ar do dhruim.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Giota de Amhrán Eile

    Tógfar Úna a's Áine i-n-aimsir na Féil' Pádraic

    Giota de amhrán eile
    Tógfar Úna a's áÁne i-n-aimsir na Féil' Pádraic,
    Go snaomhuigh siad dó'n bhainrioghain adhbhar clóca liath
    Rachaidh iomrádh caol a' tsnáth'sin na Frainnce 'gus na Spáinne
    'S go Sasana ma bhíonn tráchth air a's go pálas an Ríogh
    A Úna dheas a's Áine fuair meas a's clú na háite,
    An lá sin i Rath Mealtain ag aonach na féil' Eoin.
    Sgilling a's pínghin de ghárda a fuair siad fríd a lámha
    Ar son an t-snáth' bhí deanta agus cárta le'n ól.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge