Scoil: Gort an Choirce

Suíomh:
Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Séamus Mac Giolla Easboic
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1070, Leathanach 87

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1070, Leathanach 87

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gort an Choirce
  2. XML Leathanach 87
  3. XML “Tiocfaidh an Samhradh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. I
    Tiocfaidh an Samhradh agus fásfaidh an féar
    Agus tiocfaidh an duilleabhar glas ar bárr na gcraobh
    Tiocfaidh mo chéad-searc le bánadh an lae
    Agus buailfidh sí purt ciúin le cumhaidh I mo dhiaidh
    II
    Is óg a’s is óg a chuir mé dúil i n-greann
    Agus dheanfainn súgrughadh le mo rún ar faill
    Níl baile cuain ar bith dá ngluaisinn ann
    Nach bhfuighinn maighdean óg dheas ar bhuideal leann
    III
    Is plóid ar an fhairrge is sí tá mór
    Chuir sí eadar mé a’s mo mhíle stór
    D’fág sí ar an bhaile seo mé a deanamh bróin,
    Gan dúil le na feicsint a choidhche níos mó
    IV
    Shiubhal mé thoir agus shiubhal mé thiar,
    Shiubhal mé Corcaigh agus sráid Bhaile a’ cliath
    Shiubhal mé an baile seo fa dhó le bliadhain
    Ag iarraidh mo stóirín 'bhain díom mo chiall
    V
    Bhuail mise aréir ag an doras thall
    Agus sgairt mé arais ar mo rún ar faill
    ‘Seadh dubhairt a h-athair liom nach raibh sí ann
    Ná gur ealoidh sí aréir leis an bhuachaill donn.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Maighread Bean Uí Dhuibhir
    Gaol
    Duine gaolta (nach tuismitheoir ná seantuismitheoir)
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Gaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall