Scoil: Gort an Choirce
- Suíomh:
- Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Mac Giolla Easboic
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Amhrán - 'S óra lon dubh buidheI. Bhí mé lá breagh a'gabhail an bothar,
's óra londubh buidhe.
Casadh an gruagach uasal óg díom,
'S óra ghrádh mo chroidhe.II. D'fiafruigh sé díom-sa an ingean damh an óg-mhnaoí,
's óra londubh buidhe.
D'freagair mé féin gur bí mo bhean phósta í,
'S óra ghrádh mo chroidhe.III. An dtabhairfea iasacht uair nó lá dí
's óra londubh buidhe.
Dheanfaidh mé sin acht dheanfaidh mé an chóir leat
'S óra ghrádh mo chroidhe.IV. Gabh thusa an tísleacht, a's rachaidh mise an bothar,
's óra londubh buidhe.
A's cibé leanfaidh sí bíodh sí go deó aige,
'S óra ghrádh mo chroidhe.V. Chuaidh seisean an t-ísleacht a's chuaidh mise an bothar,
's óra londubh buidhe.
Agus lean sí an gruagach, is aige bhí an óige,
'S óra ghrádh mo chroidhe.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Maighread Bean Uí Duibhir
- Gaol
- Duine gaolta (nach tuismitheoir ná seantuismitheoir)
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Gaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall