Scoil: Gort an Choirce

Suíomh:
Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Séamus Mac Giolla Easboic
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1070, Leathanach 60

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1070, Leathanach 60

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gort an Choirce
  2. XML Leathanach 60
  3. XML “Tomhastaí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Cnuasach tómhas a bhailigh daltaí na scoile.
    (1) Suid sa chlúdaigh é
    agus dhá chéad súl air
    "Criathar"
    (2) Droicead ar loch
    Gan maide gan cloch
    "Tuarcheatha," no "oidhreóg"
    (3) Níl sé amuigh nó istigh
    A's tá sé 'na seasamh i gcomhnuidhe.
    "Ursa an Dorais"
    (4) Théid sé anonn ar libide leaibide
    Thig sé anall ar libide leaibide
    Níl a'n uair dá dtéid se anonn no anall
    Nach mbogann sé a bhfuil de mhaidí se choillidh
    Le na dhá libide leaibide.
    "Dubhan alla ag Fígheadóireacht"
    (5) Théid se anonn ar ící pící
    Thig se anall ar ící pící
    Is líonann sé a bholg ar ící pící
    "Eitean"
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. tomhaiseanna (~7,209)
    Teanga
    Gaeilge