Scoil: Gort an Choirce

Suíomh:
Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Séamus Mac Giolla Easboic
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1070, Leathanach 53

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1070, Leathanach 53

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gort an Choirce
  2. XML Leathanach 53
  3. XML “An Rógaire Bacach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. An Rógaire bacach
    Bean a' tighe nach dtug áird air. Thainic fear siubhal isteach go bean feirmeóra agus mar seo a labhair sé nuair a bhí sé istigh ag an táirseach:-
    " Bal Dé agus Bhrígde ort, rath mhúinte mhánla gan smút ná gruam. Dar mo choinseas féin a bhean deagh-mhóideach. Tá fhios agam le breathnadh ar do éadan geal-gháireach go bhfuil croidhe mór agat istigh i do lár gheal".
    " le bliadhain is fiche anuas atá mé ag cruinniú mó dhéirce ó thír go tír ar fud na réagúin. is dar mo bhriathar ar feadh an achar sin ní fhaca mé bean chomh geanamhaill nó chomh flaitheamhail, no comh siubhuilceach leat féin. Sílim nach bhfuilir crosta canntalach nó gruamdha, na nach mbíonn tú ag troid le muintir na comharsan ná ag loscadh mionna móra ó mhaidín go tráthnóna".
    " Tá mise anois ag iarraidh ort beatha an lae seo, in onóir Pádraic, Colmcille, Bríghid agus Eanda, Tabhair síneadh láimhe damh-sa go déirceamhail. Ach na maoidh orm é, ar mó ághaidh ná taobh thiar díom, mar ní maith ó maoidhtear ná oinseach ó hiarrtar".
    "teara siar go fial agus teara aníar go farsaing agus tabhair síneadh láimhe go groideamhail dó'n bhochtan atá i ngéar chall."
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. deilín na mbacach (~23)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Peadar Ó Domhnaill
    Inscne
    Fireann