Scoil: Gort an Choirce
- Suíomh:
- Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Mac Giolla Easboic

Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1070, Leathanach 50
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gort an Choirce
- XML Leathanach 50
- XML “Deilín na mBacach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Deilín na nBacachAn bacach a'teacht go dtí an doras:-
Go mbeannuighidh an Rí agus Pádraic annseo. Colmcille agus Eóin baiste, Peadar agus Pól do chomhluadar a bhean a'tighe. Ta mise a'teacht leis na trí gara is fearr a thainic i dtír in aon áit ariamh- na gara guidhe, na gara paidreacha agus na gara beannachtacha Dean an deirc mar ndúil gurab é cuideachas leat ar mhuir agus ar thír, in domasach agus i gcréafóig, ar sráid agus in gárraidh mar ndúil go mbéidh do thobaiste ar an bhothar cham, ar an leic sin thios Mhic Donnchaidh mar bíos an crann a bíos críon ar maidín agus úr'ghlas tráthnóna.
Deirc ar an fhear ná'r chuir anuraidh agus ná'r bhain i mbliadhna, gan cur earraidh gan baint fóghmhair, gan bean, gan clann, gan luth, gan luthghair, gan láthair gan mháthair.
arsa bean a tíghe:-
Níl annseo acht trí sramaidí gamhacha, trí sramadaigh cait a diúl ortha. Ní indé, indiu no amárach a blíghtear iad acht ag an uair tráth agus ma fhanann tú le braon de gcuid bainne gheobhaidh tú é.
An Bacach:- In áit a geasfaidhe caileach(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Aodh Ó Dubhthaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Bhealtaine Íochtarach, Co. Dhún na nGall