Scoil: Gort an Choirce
- Suíomh:
- Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Mac Giolla Easboic
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Teagasc Críostaidhe an ChonnachtaighC. Cé chruthaigh thú?
F. Chruthaigh an tAthair me.
C. Goidé an crúthú a thug sé ort?
F. Rinne sé ar aon chumadh agus dheanamh leis féin me.
C. Cé cheannuigh thú?
F. Cheannuigh an Mac mé.
C. Caidé an ceannacht a thug Sé ort?
F. A chuid fola, a dhoirteadh, a chuid feola a strócadh, agus a chéasadh ar chrann na croiche.
C. Cé thug tiodlacaidhthe dhuit?
F. An Spiorad Naomh
C. Caidé na tiodhlacaidhthe a thug Sé dhuit?
F. Na cúig céadfaidh corparamhail-blas, boladh, mothughadh, amharc agus éisteacht, luth mó chosa agus mo lamha. An Spiorad Naomh a bheannuigh mé, a thug ó luighe go neart mé, agus a thug cumhacht damh ar an-spiorad na láimhe clí.
C. Goidé an fath i nabrann tú Amen?
F. ag iarraidh ar Dhia an nidh sin a dubhairt muid a bheith deanta go maith i n-ainm Dé.
C. Cé he d-athair?
F. Dia
C. Cé hé do mháthair?
F. Tá, an eaglais.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Aodh Ó Dubhtaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Bhealtaine Íochtarach, Co. Dhún na nGall