Scoil: Gort an Choirce
- Suíomh:
- Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Mac Giolla Easboic
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gort an Choirce
- XML Leathanach 38
- XML “Scéal”
- XML “Scéal Grinn - Tuilleadh Mine nó Beidh Do Bhrachán Lom”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)d'amharc uirthí agus dubhairt "Dheanfaidh sí seo cúis" agus chuir i na phóca í.
- Sgeul grinn-
"Tuilleadh mine nó béidh do bhrachan lom"
Bhí Seán, muilteoir 'na chomhnuidhe ar thaoibh abhainn an mhuilinn i mbaile na creige. Ní raibh sa teach ach é féin agus a bhean. Cor uair ní bhiodh siad mór le chéile agus bhíodh acrann eatorra. ba mhinic a d'fiach sí fearg a chur air, acht bhi fóghaidh mhór ag an mhuilteóir.
Lá amháin d'eirigh éineas beag eatorra agus amach na mhuilinn léi agus thoisigh a chaitheamh na mine amach sa-n-abhainn. Nuair a chuaidh an muilteóir amach tamall nadhiaidh sin chonnaic sé an obair a bhí uirthí. Chuir sé a lámha in a phóca agus sheas sé a dh'amharc uirthí tamall. "Tuilleadh mine nó béidh do bhrachan lom" ar seisean sa deireadh".
M'athair a d;innis an 'sgeul seo damh.