Scoil: Gort an Choirce

Suíomh:
Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Séamus Mac Giolla Easboic
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1070, Leathanach 32

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1070, Leathanach 32

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gort an Choirce
  2. XML Leathanach 32
  3. XML “Colm Cille agus an Fear Déirce”
  4. XML “An Cat Dubh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Thug an fear bocht mála do Cholmcille agus d'iarr air an mála a chrochadh i gcúl an dorais agus dá dtigeadh fear bocht ar bith thart a dh iarraidh déirc, a rádh leis a lámh a chur sa mhála i gcúl a dorais agus cibé a gheobhadh sé a thabhairt leis.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. An Cat Dubh
    Bhí bean ghallda 'na comhnuidhe i gCill Ulta agus bhí teaghlach aicí. Bhí cat dubh aicí. Bhí sagart 'na comhnuidhe fá ghiota de'n teach agus thigeadh sé cor uair ar cuaird chuicí. Smaointigh an bhean go ndeanfadh si féasta dó. Rinne, agus thainic an sagart. Shuidh an cat thuas ar cheann an tábla agus shuidh an sagart anonn fosta. Chuir an sagart a lámh anuas leis an chat acht léim sé suas arais. Chuir sé a lámh anuas leis an dara h uair agus léim an cat suas arís. Deir an bhean leis "Leig de'n chat nó fághann an cat an chead chuid de'n bhiadh i dtólaimh." "Bal" a deir an sagart " Cá n-titheam-sa a'n ghreim de'n bhiadh go n-imthigh an cat no" a deir sé" Chán cat atá ann
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Séamus Ó Fíoruisge
    Inscne
    Fireann