Scoil: Gort an Choirce

Suíomh:
Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Séamus Mac Giolla Easboic
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1070, Leathanach 30

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1070, Leathanach 30

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gort an Choirce
  2. XML Leathanach 30
  3. XML “An Leanbh gan Bhaisteadh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sgeul- An Leanbh gan bhaisteadh
    Bhi fear thiar ins na Rosaibh am amháin agus bhí sé 'na chearbhach mhór. Oidhche amhain d'imthigh sé a dh'imirt chárdaí agus bhí an bhean léi féin.sa bhaile.
    I dtrathaibh an meadhon oidhche thainic an diabhal isteach. Bhí coileach i gceann a'-tighe agus gach uair a thiocfadh an diabhal isteach dheanfadh an coileach sgairt agus rachadh an diabhal amach. Le sin dheanfadh rud éigin gáire i bpoll a'bhac'
    Nuair a thainic an fear na bhaile idir sin agus maidin, d'innis an bhean dó goide tharla ó dfág sé an baile.
    Chuaidh an fear go poll a'bhac' agus chuir ceist ar an té a bhí a' gáiridhe, goidé an rud é nó goidé bhí ag cur bhuadhartha air. D'freaghair guth é gur leanbh gan bhaisteadh a bhí ann agus gur mhaith leis baisteadh tuata a fhághail agus annsin e a chur sa gharraidh.
    Rinne an fear mar h-iarradh air agus chuaidh an leanbh suas -na bhflaithis.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. scéalta (~478)
        1. scéalta cráifeacha (~1,085)
    2. gníomhairí (~1)
      1. daoine de réir aicme
        1. an lucht taistil (~3,023)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Seosamh Ó Fíoruisge
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cill Ulta, Co. Dhún na nGall