Scoil: Gort an Choirce
- Suíomh:
- Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Mac Giolla Easboic
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gort an Choirce
- XML Leathanach 27
- XML “An Coinín”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sgeul-An Coinín
Bhí bean ann agus bhí si ag coinneáil lóisteóir fir. Bheireadh sé féin isteach a chuid bidh agus dheanfadh bean a' tighe réidh dó é. Ba ghnáthach leis coinín a cheannacht gach oidhche Shathairn fá choinne é bheith aige le na dhinnear Dia Domhnaigh. Cor uair bheirfeadh an bean léi an coinín agus díosfadh sí fhéin é, agus deireadh sí leis an lóistóir gur ith an cat é.
Oidhche Shathairn amháin d'imthigh an bhean a chuartannaigh agus smaointigh an fear go n-imreocadh sé cleas uirthí. Mharbhuigh sé an cat, Bhain an croiceann dé agus d'fág ar phláta é mar d'fágadh sé an coinín. Níor leig se dadaigh air le bean a' tighe. Thainic am dinneara lá ar na mbárach agus arsa sise leis an lóistóir,
" D'ith an cat an coinín"
" Chár ith a chroidhe" ar seisean "ach dith tusa an cat".- Faisnéiseoir
- Maighread Nic Aoidh
- Inscne
- Baineann