School: Gort an Choirce

Location:
Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
Teacher:
Séamus Mac Giolla Easboic
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 153

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 153

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gort an Choirce
  2. XML Page 153
  3. XML “Seancheirdeanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sean-cheardanna

    Fadó shoin ba gnáthach leis na daoine a gcuid coinnle fhéin a dheánamh. Nuair a marbhuigheadh siad caora no ainmhidhe eile choinneochaí an gheir le h-aghaidh coinnle.
    Léighthí an gheir agus chuirtí isteach i dtoban í agus thairraingtí sreanghan nó córda trídhthe. Greamochadh an gheir de'n chórda agus annsin annsin leigthí dó sioc.
    Ní rabh stailc ar bith le fághail ins na siopaí fadó agus chaithfheadh na daoine a gcuid fhéin a dhéanamh. Geibheadh duine cupla duisín préataí agus sgríobadh sé iad. Annsin bhaintí an sugh asta agus nuair a leigthí dó tamall sheachughadh[?] sé agus annsin bhí sé réidh.
    Seo an dóigh a ndéantaí an mhin fadó. Gheibheadh duine dhá chloich, ceann aca a raibh poll mhór ina croidhe agus an ceann eile cruinn, agus poll fríthe fá choinne na h-ócaide. Clocha bróin a bhéirtí ar na clocha seo. Chuirtí an coirce sios ins an poll a bhí sa' chloch uachtair agus annsin cháisti thart í agus de réir mar bhí an chloch ag teacht thart bhí an coirce da mheilt.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. gnó agus ceird (~4,680)
    Language
    Irish