Scoil: Gort an Choirce
- Suíomh:
- Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Mac Giolla Easboic
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gort an Choirce
- XML Leathanach 146
- XML “Pisreogaí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- PisreógaíDoirteadh salainn
Deirtear má bhíonn tú amuigh san oidhche agus canna bainne leat agus má chuireann tú dusta salainn sa'n bhainne sul a bfágaidh tú an teach, ní thiocfhaidh sídheóg nó taibhse ar bith in do chómhair.
Deirtear fosta má dhóirteann tú salann go bhfuil mí-ádh i ndán duit.
Deirtear ma bhriseann tú scáthan go mbéidh droch-ádh ort ar feadh seacht mbliadhna
Má bhiónn duine ag dul amach a' d'iasgaireacht agus má chasann bean ruadh dhuit ar an chead duine ní bfuighídh tú mórán éisg an lá sin,
Má luigheann leámhan ar dó chuid éadaigh tá tu ag fághail litre.
Má bhíonn tú amuigh san bhoitheach agus má bhíonn sifín cochain isteach leat ar do chuid éadaigh nó in dó chuid gruaige tá strainsear ag teacht un toighe.
Nuair a bíos tochas in do gaoth-san tá tú ag dul a ól té lé stráinseirí.
Má bhíonn poll ar do(leanann ar an chéad leathanach eile)