Scoil: Gort an Choirce
- Suíomh:
- Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Mac Giolla Easboic
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Amhrán - Rinne mé smaointiú 'n m'intinnRinne mé smaointiú 'n m'intinn agus lean mé dó go cinnte
Go n-eolochain ó mo Mhuinntir, anonn 'an oileáin úir.
Tá mé ag iarraidh impidhe ar an Árdrigh 'tá os mo chionn-sa
'Mo shábhail ar gach dainséar go gcriochnuidhe mé mo shiubhal.Shiubhal mé fíche míle, a's níor casadh orm daoine,
Bó ná capall, caora, a'dheanfadh inghilt ar an fhéar
Ach coillte dluighthe a's gleanntaí, agus búithreach beithidhigh állta,
Fir 'gus mná gan toinnt ortha, a chasfa fá do mhéir.Tharla 'steach i dteach mé, agus casadh orm daoine,
D'fiafruigh siadsan díom-sa cé'n tír in ar tógadh me.
D'freagair mise i nGaedhilg gur tógadh mé i n-Éirinn,
Lámh le bruach Loch Éirne, seall i dtús mo shaoighill.Bhí 'n t-sean-bhean ins an chlúdaigh agus a stocaí ar a glúine,
D'éirigh sí le lúthghair gur chraith sí liom lámh.
"Seacht n-anam fear mo thíre thar a bhfaca mé de dhaoine
Ná gur tógadh mise i nÉirinn i mbhaile le do thaobh.'S truaigh gan mise i n Éirinn, lámh le bruach Loch Éirne,
In-áit a bhfuil mo dhaoine, sínte faoí chlár.
Sin an áit a bhfuighinn-se aos óg atá deas croidheamhail,
'Caithfeadh liomsa an oidhche agus páirt mhór de'n lá.An áit a bfuighinn-se t-aos óg a's mná mo chaointe, chaointe