Scoil: Gort an Choirce

Suíomh:
Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Séamus Mac Giolla Easboic
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1070, Leathanach 132

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1070, Leathanach 132

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gort an Choirce
  2. XML Leathanach 132
  3. XML “Níl sé ina Lá”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Chuaidh mé isteach i dteach aréir,
    's d'iarr mé cárt ar mhnaoí an leanna,
    's eadh dubhairt sí liom "Diabhal deor".
    Buail an bóthar a's gabh na bhaile.
    Curfa - Níl sé 'na lá, níl go fóill,
    Níl sé 'na lá nó na mhaidín.
    Níl sé 'na lá, níl go fóill,
    Solus árd atá 'r an ghealaigh
    Chuir mé féin mo lámh i mo phóca
    A's d'iarr mé briseadh coróin uirthí.
    'Sé dubhairt sí liom "Bí i do shuidhe",
    A's gheobhaidh tú ó'n chárt go dtí in galún.
    Curfa :- Níl sé 'na lá, níl go fóill,
    Níl sé 'na lá nó na mhaidín.
    Níl sé 'na lá, níl go fóill,
    Ach solus árd atá 'r an ghealaigh.
    Éirigh 'do shuidhe a fhir a' tighe,
    Cuir ort do bhríste a's do hata.
    Go gcongbhuighadh tú ceol leis an fhear chóir,
    a bhéas ag ól annseo go maidín.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge