Scoil: Gort an Choirce

Suíomh:
Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Séamus Mac Giolla Easboic
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1070, Leathanach 129

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1070, Leathanach 129

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gort an Choirce
  2. XML Leathanach 129
  3. XML “Ramás”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Rámás
    Cá raibh tú aréir?
    Thíos 'dtigh Mhánuis
    Cé'n Mánus?
    Mánus Geibide
    Cé'n geibide?
    Geibide seabhaic
    Cé'n seabhac?
    seabhac sealgáire
    Cé'n sealgaire?
    Sealgaire an chinn bháin
    Cé'n ceann bán?
    ceann bán Eoghainín
    Cé'n Eoghainín?
    Eoghainín Airt
    Cé'n Art?
    Art an phuill
    Cé'n poll?
    Poll an aráin
    Cé'n t-arán?
    Arán síl
    Cé'n síol?
    Síol an tighearna
    Cé'n tighearna?
    Tighearna Seán
    Cé'n Seán?
    Seán beag midineach, sgidineach, ag ithe preataí rósta a's gráinnín beag salainn
    Rámás eile
    Bhí rí ann fad ó agus ma bhí féin ba mhaith an rí é.
    Bhí mac ag an rígh agus ma bhí féin ba mhaith an mac é
    Bhí sleaghán ag an mhac agus ma bhí féin ba mhaith an sleaghán é.
    Bhain an sleaghán fód agus ma bhain féin ba mhaith an fód é.
    Bhí ubh faoí'n fhód agus ma bhí féin ba mhaith an ubh í.
    Bhí éan san uibh agus má bhí féin ba mhaith an téan é
    agus dá mbíodh ruball ar an éan bhéádh mo sgeul ní b'fhuide.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge