Scoil: Gort an Choirce

Suíomh:
Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Séamus Mac Giolla Easboic
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1070, Leathanach 126

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1070, Leathanach 126

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gort an Choirce
  2. XML Leathanach 126
  3. XML “Scéal fá Oisín”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    nach raibh 'na sheasamh. " Is fearr dúinn a ghabhail a bhfolach" arsa Oisín.
    Toisigh an cú agus an toirt a throid agus mharbhuigh an toirt an cú. Annsin d'iarr Oisín ar an bhuachaill amharc an bhfeiceann sé a dhath ag teacht agus goidé an chosamhlacht a bhí air. Dubhairt an buachaill go raibh leomhan craosach a'taraingt ortha agus a chraos fosgailte. D'iarr Oisín ar an bhuachaill cloch ghualainne a fhághail dó. Fuair, " Anois" ar seisean, " Congbhuigh mó lámh os coinne a bhéal ná mar gcongbhuigh, marbhfaidh se muidinne fosta". Nuair a thainic an leomhan fad urchair dó chaith sé an chloch isteach síar i gcraos an leomhain agus mharbh í.
    Annsin d'iarr sé ar an bhuachaill teine chur síos. Chruinnigh an buachaill brosnach agus rinn teine. Fhad agus bhí se a'cur síos na teineadh, rinne Oisín ceithre chuid de'n leomhan agus chongbhuigh sé ceathramhadh aca fá choinne bheith leis na bhaile chuig Pádraic. Rós sé na trí ceathramhnacha eile. Nuair a bhí siad rósta d'iarr sé ar an bhuachaill imtheacht agus gan a bheith ag coimhead arsan ag ithe. Ní dheachaidh an buachaill abhfad ar shiubhal siocair go raibh Oisín dall agus bhí fhios aige nach bhfeicfeadh é. Nuair a bhí deireadh ithte ag Oisín
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
        1. Fianna (~595)
          1. Oisín (~27)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Áine Ní Fhuaruisge
    Gaol
    Ní fios
    Inscne
    Baineann