Scoil: Gort an Choirce

Suíomh:
Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Séamus Mac Giolla Easboic
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1070, Leathanach 118

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1070, Leathanach 118

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gort an Choirce
  2. XML Leathanach 118
  3. XML “Paidir”
  4. XML “Urnaí an Scabill”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Go tobar na hathirighe 'n-áit a siltear na deora.
    Go líntear mo chroidhse mar gheall ar an athair
    Go níghtear m-anam ó gach smál an pheacaidh
    A Mhaighdean mhódhmhair, mhodhamhail, mhaiseach,
    Is tú lón agus stór mo thaisgidh;
    Is tú an Réalt eolais a'dul romhain ar an chasan,
    d'ár gcuir ar an eolas, 'san tóir ar an pheacadh.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. paidreacha (~3,266)
    Teanga
    Gaeilge
  2. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Paidir
    Crios Mhuire, mo chrios,
    Crios na gceithre gcros
    Crios ar a baisteadh Críost
    Faoi chrios an taobh dheis.
    Eirigh a mhathair, baist an leanbh,
    Eirigh féin a mhic is tú 's fearr;
    Nil aon fhear no bhean a deirfeas an urnaigh seo gach lá,
    nach dual do an Mhaighdean Mhuire
    a fheiceáil naoí lá roimh a bhás.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.