Scoil: Gort an Choirce

Suíomh:
Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Séamus Mac Giolla Easboic
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1070, Leathanach 107

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1070, Leathanach 107

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gort an Choirce
  2. XML Leathanach 107
  3. XML “Dán na hAoine”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Dá na h-Aoine
    'Sé seo an Aoine buadhartha, brónach,
    'Seo an Aoine a siltear na deora,
    Uisge do chinn, a Rí mór na ngrása.
    Agus sroitthe fola le do mhailidheacha ró-gheal.
    Chuir siad culaith amadáin ar a haon Mhac Iosa,
    Dulchaí ar a lámha agus púcóg ar a éadan,
    Coróin ar a cheann de na deilg a ba ghéire,
    Crann na croiche ar a ghualainn a's É réidh le na chéasadh.
    D'feuch Sé na dhiaidh gidh gur mhór chruaidh a ghéibheann,
    A mháthair na gile agus a mhathair na glóire.
    Deán fóighde mhór indiu a's amárach,
    Agus béidhmid i gcuideachta go fóill thuas i bPárthas.
    A mhic ó na gile agus a rí mór na ngrása,
    nach dolaidh damhsa an fhóighid sin a deánamh,
    Na sruthanna fola 'teacht anuas ar gach taoibh duit,
    Ag cuimhniú ar an bhás atá le fághail agat Dia hAoine.
    Thug siad go Sliach Cealbhaire É a's bhain de chuid éadaigh,
    Stróic siad an fheoil anuas ó na créachtha,
    Thug siad deoch bhineagair do 's a Dhia ná'r bí deoch ghéar í.
    Eadair dís de na bitheamhnaigh rinneadh é a chéasadh.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Anna Bean Mhic Aoidh
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Baile an Easa, Co. Dhún na nGall