Scoil: Gort an Choirce (uimhir rolla 11815)

Suíomh:
Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Séamus Mac Giolla Easbuic

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1069, Leathanach 318

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

I
Idir Caiseal agus Foth', agus mullaigh Chró-na-bhFoth,
Idir sin agus bárr míne;
Ta'n talamh ann is feárr, an toradh 'gus an grá
Dá bhfacaidis i lár críce.

II
Tá mil bhuidhe gabhail le fánaidh, droichead
siúcra bháin,
Abhainn fá n0a lán fíona;
Toighthe líonta 'e cháis, bonnógai 'n-a stáid,
Duilleabhar agus b;áth 'n-a bhfuigheall ann.
III
Nach méanra do'n té thárlaidh i n-a leithid,
Ní fhásann an féar garbh ann;
Tarann dealradh ón ghréin, agus soill sé on spéir,
I ngleanntán beag cois thaoibh na fairrge.
IV
I n-a gcúplai bíonn cadhain, seabhacanna a bplé
I ngleanntán beag séimh sealgaire;
I Mín-a'-tSagairt atháin sógh, nach méanair bhéad a [?]
Níor bh'eagal damh gan feóil mhart fhághail.

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Teanga
Gaeilge