School: Gort an Choirce (roll number 11815)
- Location:
- Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
- Teacher: Séamus Mac Giolla Easbuic
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gort an Choirce
- XML Page 316
- XML “Seanleigheastaí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)duine nach bhfaca a athair aríamh. Séideann an duine isteach i mbéal an té a bhfuil an galar béil air. Trí seideogai gach maidin ar feadh thrí lá i n-ainm an Athar agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh.
Fiolún saith no t-seithe.
Tá dhá chineal fiolún seithe a thig ar pháistí; fiolun seithe dearg, agus fiolún seithe dubh. Leis an pháiste a leigheas a mbíodh fiolún seithe dearg air bheirtí 'Gin' dó. Ach d'áirigheadh na sean mná go n-itheadh caoirigh liubhearna a rabh léigheas ionnta. Mar sin dó chruinneochthai aoileach chaorach, d'fháisgidh i spanóg uisce é agus bhéarfaidh an sugh le h-ól dó'n té a mbíodh an fiolún seithe air. D'áirightí nach rabh leigheas an fhiolun seith dubh ach ródach a dheánamh air idir an dá ghualainn.