Scoil: Gort an Choirce (uimhir rolla 11815)

Suíomh:
Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Séamus Mac Giolla Easbuic

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1069, Leathanach 311

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

(ar lean ón leathanach roimhe)

sin san áit ar bheir sé ar an chnag agus chaitheadh sé i -aice an phoill í ag déanamh a dhithchill le í chur isteach sa pholl. Dá dtéigheadh aige sin a dhéanamha dhéanamh bhí an fear eile curtha as bonn aige agus ghlacadh sé féin an smíste. Muna rachadh aige an chnag a chur sa pholl tomhaisfeadh an fear a bhí i mbonn o cheart lár an phoill go dtí an chnag agus ca bith fad smíste a bhí annsin bhéadh an oiread sin poinntí curtha i n-a leith sin. Racadh an cluice ar aghaidh go sroicheadh fear éigin an cluiche, céad poinnte de ghnáthach. Ba gnáthach úsaid a bhaint as cloich i n-áit chnag an gultie i n-amanna.

Fiabhras croidhe: Turtóg a gheárradh as an talamh agus síneadh ar do bhéal a's ar do shrón agus d'anal a tharraingt thríd an iúr ar feadh thrí lá. Seo a dheánmah roimh éirge no indiaidh luighe gréine.

Galar béil: Duine nach bhfaca a áthair

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Teanga
Gaeilge