Scoil: Gort an Choirce (uimhir rolla 11815)

Suíomh:
Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Séamus Mac Giolla Easbuic

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1069, Leathanach 309

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

(ar lean ón leathanach roimhe)

agam. Is fiú na céadta mílte puinnt é."
D'fhíafrochadh an fear a bhí ar a ghlúine. "An síoda, na sról no ball cailín óig é?"
D'freagrochadh an fear eile.
"Tá sé i n-a shíoda, a's in-a shról agus i n-a bhall cailín óig (ma ba le cailín é) " agus i n-a bhall buachaill oig" (mas ball buachalla é) "Caidé an pionus a chuirfeas tú air?"
Cuirfeadh an fear a bhí ar a ghlúine pionús ar an duine ar leis an geall. Bhéadh aige le rud éigin a dhéanamh nach dtaitneochadh leis go ró mhaith go minic, mar a bhróga a bhaint dó, duine eile a phógadh sr; Mar gcuireadh sé dó an pionus ní bhfuigheadh sé an geall.

Seo cluiche a bhíthear a imirt go minic ins na Rosaibh san áit ar tógadh mé nuair a bhí mé i mo ghasur. Bhi sliseóg adhmaid tuairim ar throigh ar fad agus smíste agus cnag "guttie" a dhith leis an chleas seo a imirt. Dhéanfadh duine de'n

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Teanga
Gaeilge