Scoil: Gort an Choirce (uimhir rolla 11815)

Suíomh:
Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Séamus Mac Giolla Easbuic

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1069, Leathanach 306

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

(ar lean ón leathanach roimhe)

go dtarradh sé go dtí 'plaic'. Ca bith duine a dtitfeadh an focal deireannach ar a chois, chaithfeadh sé an chos sin a tharraingt isteach faoi. Rachadh an cleas ar aghaidh go dtí nach mbéadh sínte amach as ach cos amháin. Ca bith duine é sin cuirfish dallóg air agus rachadh an chuid eile uilig i bhfolach. Annsin chuartochadh an té bhi dallta iad.

Crugaide, cragaide lár mo dhroma-sa lár do dhroma-sa. Ca mhéad méar ar bhocaide-boc.
Cleas é seo a d'imrimis nuair a bhi mé i mo ghasúr. Chromfadh duine amháin agus sheasochadh duine eile as a cheann agus déarfadh sé an ramas, agus é ag bualadh buille idir an dá shlinneán ar an té bhí crom le gach truime sa ramás. Annsin d'fhosgladh sé a dhorn agus shíneadh i n-áirde méar no dhá mhéar

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Teanga
Gaeilge