Scoil: Gort an Choirce (uimhir rolla 11815)
- Suíomh:
- Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Mac Giolla Easbuic

Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1069, Leathanach 303
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gort an Choirce
- XML Leathanach 303
- XML “Deilín”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- "Da gcasfaidhe bean lom leisgeamhlach orm idir eadarshudh agus am bricfeásta a deárfadh liom nach rabh bó blighte, préata bainte, bainne ag an t-seascach no bliot ar na cearca, bhuailfinn buille de'n bhleithtín de'n chleithtín, de'n chliabh mhór, de'n bhata crón cham, a bhainfeadh cainnt n-a tórtaidh aistí. Éirigh a bhean a toighe nar chrádaigh Día do chroidhe, nar chaillidh tú fear a'toighe. Tabhair damh léim ghiorrfhiadh de'n im bheag shiúlmeach bhuidhe 'tá seacht mbliadna 'deánamh a shuile 'g iarraidh é ithe, i n-a phionntai, i n-a chártai, i n-a chnagairí mar tcí an rí agat é. Ó na h-abair liom mar dubhairt an droch bean nidé, "Na h-ith an t-arán briste a's na bris an t-arán slán, a's na codlaidh ach oidhche i n-a dteach amháin ar eagla go dtabhairfeadh droch rud ar bith leis thú, mar tóg an t-iolar an t-éan uad'n chirc bháin."(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Fhuaruicse
- Inscne
- Baineann