Scoil: Gort an Choirce (uimhir rolla 11815)

Suíomh:
Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Séamus Mac Giolla Easbuic

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1069, Leathanach 303

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

"Da gcasfaidhe bean lom leisgeamhlach orm idir eadarshudh agus am bricfeásta a deárfadh liom nach rabh bó blighte, préata bainte, bainne ag an t-seascach no bliot ar na cearca, bhuailfinn buille de'n bhleithtín de'n chleithtín, de'n chliabh mhór, de'n bhata crón cham, a bhainfeadh cainnt n-a tórtaidh aistí. Éirigh a bhean a toighe nar chrádaigh Día do chroidhe, nar chaillidh tú fear a'toighe. Tabhair damh léim ghiorrfhiadh de'n im bheag shiúlmeach bhuidhe 'tá seacht mbliadna 'deánamh a shuile 'g iarraidh é ithe, i n-a phionntai, i n-a chártai, i n-a chnagairí mar tcí an rí agat é. Ó na h-abair liom mar dubhairt an droch bean nidé, "Na h-ith an t-arán briste a's na bris an t-arán slán, a's na codlaidh ach oidhche i n-a dteach amháin ar eagla go dtabhairfeadh droch rud ar bith leis thú, mar tóg an t-iolar an t-éan uad'n chirc bháin."

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Faisnéiseoir
Máire Ní Fhuaruicse
Inscne
baineann
Teanga
Gaeilge