Scoil: Gort an Choirce (uimhir rolla 11815)

Suíomh:
Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Séamus Mac Giolla Easbuic

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1069, Leathanach 297

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

(ar lean ón leathanach roimhe)

a gcuirtí deis ar na toighthe le fáilte a chur rompa. D'éirigheadh bunadh an toighe ag an meadhon oidhche leis an phaidrín a rádh. Is minic a chuala mé é canta gur choir siubhal go h-éadtrom ar bhárraibh do chos an oidhche sin no go rabh anam i ngach traithnín féir dá rabh fás ar an talamh.

Oidhche Nodlag bhíodh na daoine a fhághail réidh le h-aghaidh an fhéile an lá thar na bhárach. Gníodh cuid aca trosgad i rith an lae agus annsin bhíodh féasta aca an oidhche sin. Ar ghabhail o sholus lasfaidh coinneal i ngach fuinneóg sa teach agus cha chuirtí as iad go ndoigheadh siad amach. Deirtear gur i gcoithrim na h-oidhche seo a diultuigheadh dídean de'n Mhaighdeán Mhuire agus do Naomh Iosep agus gur le n-a thaisbeáint da mbíodh sí ar an t-saogal seo anois go mbéadh fáile roimpí i ngach teach

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
D. O Baoighill
Teanga
Gaeilge