Scoil: Gort an Choirce (uimhir rolla 11815)

Suíomh:
Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Séamus Mac Giolla Easbuic

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1069, Leathanach 295

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

(ar lean ón leathanach roimhe)

cúl éisteacht ag an doras druidte annsin agus ca bith fear a luaidhfear a ainm sa teach istigh, sin an fear atá sí gabhail a phósadh.

Nigheann cailín a leinidh agus cuireann sí ar triomughadh leis an teine í. Rachaidh sí a luighe agus dhéanfaidh sí faire ar an léine. Is dual don bhuachaill atá gabhail dá pósadh a theacht agus an léinidh a thiompughadh ar uair an meadhon oidhche.

Cuireann cailín sgadán da rósadh agus tuitfidh amach mar i gcás na léineadh.

Teanga
Gaeilge

Cuireann cailín dallóg uirthí fein agus treorochaidh duine éigin eile go dtí an tobar í. Leagfaidh sí a lámh ar cloich. Bhéarfaidh sí léithe an chloch agus cuirfidh sí faoin cheann-adhairt í agus deirtear go ndéanfaidh sí briongloideach ar an fhear

(leanann ar an chéad leathanach eile)