Scoil: Gort an Choirce (uimhir rolla 11815)

Suíomh:
Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Séamus Mac Giolla Easbuic

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1069, Leathanach 294

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

(ar lean ón leathanach roimhe)

ar bith anois. Nuair a bhíodh an tochairtadh déanta aici ach amháin an méid snáth a bhí crochta go h-urlár na h-áite deireadh sí "I n-ainm an Deamhain 'san Díabhail. Cé sin thíos ar bharr mo shnáithe? Ba é ceart and fhir a bhí ag gabhail dá pósadh freagra a thabhairt uirthi. Tá sé na bliadhanta fada ó cleachtuigheadh seo. Sílim gur cailín as an bhaile s'againne a rinne an cleas seo go deireannach agus mas fíor na seandaoine a chreidbheáil fuair sí sgánnrughadh. Nuair a chuir sí an cheist thug an fear freagra uirthi as an áite agus thuit sí i laige. D'áirigheadh daoine gur bé an díabhal a thug freagra uirthí. Tá sin cúpla sgór bliadhain o shoin.

Cuireann cailín bolgam uisce i n-a béal agus théid sí thart ar an teach trí h-uaire ag marcuigheacht ar sguaib. Gnídh sí

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Teanga
Gaeilge