Scoil: Gort an Choirce (uimhir rolla 11815)

Suíomh:
Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Séamus Mac Giolla Easbuic

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1069, Leathanach 293

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Theideadh duine amach agus a shiúle druidte aige isteach i ngáradh cáil agus thairraingneadh sé stoc cáil. Bhéarfaidh isteach 'un toighe é agus dáirigheadh daoine go mbéadh céile an duine sin ar nós na ceirdlíne. Mór, trom na bhi an cheirtlín mar sin, cam creatalach ma bhí an ceirtlín cam creatalach. I n-amanna eile crochfaidh ceirtlín an cháil os ceann an dorais agus ca bith fear a thiocfadh isteach ar tús ar maidín ba é sin an fear a bhí le bheith mar chéile ag an cailín a chroch í.

Gnás eile bhíodh ag na cailíní óga an oidhche sin ag tochartadh ceirtlín snáth i n-áite aoil. Sheasochadh an cailín os cionn na h-áite agus leigfeadh sí an cheirtlín síos. Thoiseochadh sí a thochartadh an t-snáth agus í ag rádh deilín nach cuimhneach le duine

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Teanga
Gaeilge