Scoil: Gort an Choirce (uimhir rolla 11815)
- Suíomh:
- Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Mac Giolla Easbuic
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gort an Choirce
- XML Leathanach 290
- XML “Oíche Shamhna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Oidhche i seo a mbíodh a lán grinn agus spóirt a gabhail agus tá go fóill nuair a thig sí thart. Oidhche mór cleasann í agus cleachtuighthear mórán gnása pisreógacha agus geasracha. Ta siad a'fhághail báis ins an cheanntar seo anois, acht bhíthear da gcleachtadh go coitcheann go dtí ar na moillibh. Bhí an t-am ann agus chuirfeadh na daoine mórán suime ins na cleasa seo agus bhi sé de chreideamhaint aca gur tuar fíor ar a gcineamhamh iad agus is minic a ghnití iad i n-ainm an deamhain a's an diabhail.
An tráthnóna sin bhíodh feile i ngach teach. Déanfaidh réidh tráth bhí nach mbíodh bunadh an toighe ro-chleachtuighthe leis. Indiaidh an tráth a chathamh gabhail o solus bheadh ubhlai agus cnónai annsin agus gheobhadh gach duine a chuid féin. Annsin thoisigheadh na(leanann ar an chéad leathanach eile)